Cuirtear i láthair sa tráchtas seo bunachar sonraí ar líne do Chartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha, 1,200 uair an chloig d’ábhar fuaime a bailíodh sa tréimhse 1961–2000. Ba é sprioc an tráchtais seo ná an Chartlann Fuaime a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar líne d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha agus do thaighdeoirí logainmneacha araon. Rinneadh anailís ar an dea-chleachtas do bhailiúcháin dhigiteacha ar líne agus dearadh an bunachar dá réir sin. Rinneadh bunchatalóg lámhscríofa an Bhrainse Logainmneacha a thras-scríobh agus a chur in eagar mar threoir taighde don bhunachar ar líne.
Roghnaíodh an t-ábhar ó Ghabhla i dTír Chonaill mar thacar samplach le mionstaidéar a dhéanamh air. Leagadh amach modhanna eagarthóireachta le heagar a chur ar ábhar canúnach, bunaithe ar na dea-chleachtais de réir na litríochta, agus rinneadh tras-scríobh ar an ábhar. Rinneadh liosta logainmneacha a ghiniúint ón tacar céanna agus cuireadh eolas breise ar fáil mar gheall orthu siúd, ar nós ainmneacha Béarla, leaganacha scríofa ón litríocht agus leaganacha foghraíochta.