Déantar tniùchadh sa staidéar seo ar mhùnlai luath-oideachais dhàtheangaigh atà i bhfeidhm i
ranganna naionàn, i gcuig bhunscoil sa Ghaeltacht. Breathnaitear go speisialta ar na cleachtais
bhainistiochta scoile agus ar chleachtais oideolaiochta na muinteoiri i dtaca leis na munlai
mionteanga seo a chur i bhfeidhm. Tar éis léirbhreithniu cuimsitheach litrfochta ar staid reatha na
Gaeltachta agus ar mhunlai éagsula oideachais dhàtheangaigh in Éirinn agus thar lear, tugtar faoin
taighde i gcàs-staidéir fheiniméaneolaiochta atà fréamhaithe go prfomha i bpairidim phragmatach.
Sna càs-staidéir seo déantar breathnóireacht struchturtha ar mhùinteoiri naionàn i mbun teagaisc
agus anailis ar dhoiciméid, chomh maith le hagallaimh neamh-struchturtha ar na muinteoiri sin agus
ar a gcuid priomhoidi. Tugtar faoi anailis chriticiuil ar chuir chuige na n-oideachasóiri seo i dtaca le
munlai éagsula oideachais dhàtheangaigh a fheidhmiu, le béim ar leith ar na hathróga seo a leanas:
cothu an tsainspioraid Ghaeilge trid an scoil, straitéisi cothabhàla agus saibhriuchàin don dalta T l,
cuir chuige oideolaiochta, teanga chumarsàide agus teagaisc na scoile, sealbhu na réamhscileanna
litearthachta (feasacht fhónach mar shampla) agus cur i bhfeidhm an chreatchuraclaim luath-óige
Aistear. Tà an taighde tàbhachtach mar go bhfaightear léargas tir ann maidir le cuir chuige,
cleachtais agus tosaiochtai reatha na muinteoiri naionàn iad féin agus iad ag plé le himeascadh
daltai Tl agus T2 i gceantair leochaileacha teangeolaiochta. Tuairiscitear go bhfuil raon leathan
munlai oideachais dhàtheangaigh i bhfeidhm i sampla an taighde seo, lena n-àirftear: munlai
saibhriuchàin agus cothabhàla, luath-thumoideachas iomlàn, pàirt-thumoideachas agus fiu amhàin
an fhoghlaim chomhthàite àbhar agus teanga i gcàs amhàin. Cé go nochtaitear samplai den teagasc
éifeachtach, nuàlach i ngach scoil, àbhar imni is ea an laghad idirghabhàla a dhéantar ar son daltai
T l, chomh maith leis an mbealach ilroinnte, neamhsheicheamhach ina dtugtar faoi mhuineadh na
Gaeilge agus an Bhéarla. Sonraitear go bhfuil beamai suntasacha idir pholasaithe agus chleachtais
agus go mbraitheann dea-chleachtais oideolaiochta ar thiomantas an phriomhoide agus ar
shainchleachtais muinteoiri ar leith, seachas ar mhunla aontaithe oifigiuil an chórais.