Tugann an tráchtas seo léiriú dúinn ar shaothar iriseoireachta Sheáin Uí Chiarghusa. Tá
anailís na scríbhinní seo i gcroílár an tráchtais. I dtosach báire, tugtar léiriú ar shaol Uí
Chiarghusa agus é ina oifigeach Custaim is Máil, colúnaí agus conraitheoir gníomhach.
Saolaíodh sa bhliain 1873 é agus fuair sé bás i 1956. Ba as Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge
dó, fiche míle ó Ghaeltacht na Rinne. Tugann an tráchtas seo léiriú ar an obair a rinne Seán Ó
Ciarghusa mar oifigeach Custaim is Máil sa Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart na hÉireann agus
i mBaile Átha Cliath chomh maith. Anuas air seo, tugann sé léiriú dúinn ar na rólanna
éagsúla a bhí aige mar bhall den Chonradh fad is a bhí sé ina oifigeach Custaim is Máil sna
háiteanna seo. Nochtann an staidéar seo an fonn a bhí air aidhmeanna agus cuspoirí an
Chonartha a chur chun cinn fad is a bhí sé ag obair sna háiteanna difriúla seo. Ag casadh an
chéid, d’fhoilsigh sé i ndhá phríomhnuachtán An Claidheamh Soluis agus The Leader, go
príomha. Cé nár oileadh mar scríbhneoir é, bhain sé úsáid as uirlis chumarsáide na nuachtán
agus na dtréimhseachán, chun a chuid tuairimí a fhoilsiú maidir le conspóidí agus
díospóireachtaí comhaimseartha. Is iad seo a leanas liosta na dtéamaí roghnaithe atá mar
chuid den staidéar seo; áit na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, neamhshuim an aosa
óig sa teanga, tionchar an chultúir eachtrannaigh in Éirinn agus stádas na Gaeilge i bPort
Láirge, áit dhúchais Uí Chiarghusa, le linn tús na hAthbheochana. Ina theannta sin, tugann Ó
Ciarghusa léiriú dúinn ar scoláirí mór le rá na Gaeilge le linn an ama seo. Is gné lárnach í an
anailís seo den tráchtas. Is foinsí luachmhara, tábhachtacha, stairiúla iad na scríbhinní seo a
chaitheann solas ar dhíospóireachta comhaimseartha na fichiú haoise. Baineann an chaibidil
dheireanach le conclúidí an tráchtais agus leis an méid atá foghlamtha againn mar gheall ar
Sheán Ó Ciarghusa mar dhuine agus mar scríbhneoir.