title: Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire creator: Ní Loingsigh, Katie subject: Irish language subject: Linguistics subject: nathanna; canúineolaíochta; bunachar digiteach description: Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe. Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh. Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo. publisher: Dublin City University. Faculty of Humanities and Social Science publisher: Dublin City University. Fiontar contributor: Ó Raghallaigh, Brian contributor: Nic Pháidín, Caoilfhionn date: 2016-11 type: Thesis type: NonPeerReviewed format: application/pdf language: en relation: http://doras.dcu.ie/21343/1/16.08.16_tr%C3%A1chtas.pdf identifier: http://doras.dcu.ie/21343/ source: Ní Loingsigh, Katie (2016) Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire. PhD thesis, Dublin City University. rights: This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License.