<mods:mods xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xmlns:mods="http://www.loc.gov/mods/v3" version="3.0" xsi:schemaLocation="http://www.loc.gov/mods/v3 http://www.loc.gov/standards/mods/v3/mods-3-0.xsd"><mods:titleInfo><mods:title>Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire</mods:title></mods:titleInfo><mods:name type="personal"><mods:namePart type="given">Katie</mods:namePart><mods:namePart type="family">Ní Loingsigh</mods:namePart><mods:role><mods:roleTerm type="text">author</mods:roleTerm></mods:role></mods:name><mods:abstract>Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe.&#13;
&#13;
Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh.&#13;
Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo.</mods:abstract><mods:classification authority="lcc">Irish language</mods:classification><mods:classification authority="lcc">Linguistics</mods:classification><mods:originInfo><mods:dateIssued encoding="iso8061">2016-11</mods:dateIssued></mods:originInfo><mods:originInfo><mods:publisher>Dublin City University</mods:publisher></mods:originInfo><mods:genre>Thesis</mods:genre></mods:mods>