<rian_dc:dc xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:schemaLocation="http://www.openarchives.org/OAI/2.0/oai_dc/ http://www.openarchives.org/OAI/2.0/oai_dc.xsd" xmlns:dc="http://purl.org/dc/elements/1.1/" xmlns:rian_dc="http://www.openarchives.org/OAI/2.0/oai_dc/">
        <dc:title>Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire</dc:title>
        <dc:creator>Ní Loingsigh, Katie</dc:creator>
        <dc:subject>Irish language</dc:subject>
        <dc:subject>Linguistics</dc:subject>
        <dc:subject>nathanna; canúineolaíochta; bunachar digiteach</dc:subject>
        <dc:description>Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe.&#13;
&#13;
Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh.&#13;
Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo.</dc:description>
        <dc:description>non-peer-reviewed</dc:description>
        <dc:type>Doctoral thesis</dc:type>
        <dc:publisher>Dublin City University. Faculty of Humanities and Social Science</dc:publisher>
        <dc:publisher>Dublin City University. Fiontar</dc:publisher>
        <dc:contributor>Ó Raghallaigh, Brian</dc:contributor>
        <dc:contributor>Nic Pháidín, Caoilfhionn </dc:contributor>
        <dc:date>2016-11</dc:date>
        <dc:relation>http://doras.dcu.ie/21343/1/16.08.16_tr%C3%A1chtas.pdf</dc:relation>
        <dc:format>application/pdf</dc:format>
        <dc:language>en</dc:language>
        <dc:identifier>http://doras.dcu.ie/21343/</dc:identifier>
        <dc:source>Ní Loingsigh, Katie (2016) Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire. PhD thesis, Dublin City University.</dc:source></rian_dc:dc>