Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire

Ní Loingsigh, Katie (2016) Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe. Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh. Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:November 2016
Refereed:No
Supervisor(s):Ó Raghallaigh, Brian and Nic Pháidín, Caoilfhionn
Uncontrolled Keywords:nathanna; canúineolaíochta; bunachar digiteach
Subjects:Humanities > Irish language
Humanities > Linguistics
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science
DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:21343
Deposited On:21 Nov 2016 16:59 by Brian O'Raghallaigh . Last Modified 19 Jul 2018 15:08
Documents

Full text available as:

[thumbnail of 16.08.16_tráchtas.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
59MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record