Léargas ar thaithi mhúinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta:
dúshláin ghairmiúla agus riachtanais oiliúna
Ní Thuairisg, Laoise
(2014)
Léargas ar thaithi mhúinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta:
dúshláin ghairmiúla agus riachtanais oiliúna.
PhD thesis, Dublin City University.
Cuireann an taighde seo roimhe iniúchadh a dhéanamh ar thaithí ghairmiúil
mhúinteoirí iar-bhunscoileanna n Gaeltachta, lena n-áirítear na dúshláin atá le
tabhairt acu agus an dearcadh atá acu ina leith. Tá sé mar aidhm ai ge freisin cíoradh
a dhéanamh ar na cleachtais oiliúna a bhfuil na múinteoirí páirteach iontu agus ar
oiriúnacht na gcleachtas sin dá riachtanais fhorbartha. Baintear leas as an
bhfeiniméaneolaíocht chun na ceisteanna taighde agus nithe eile a eascraíonn astu a chíoradh.
Is iomaí athrú atá tagtha ar ghairm na múinteoireachta le blianta beaga anuas.
Tá tionchar suntasach ag na hathruithe seo ar na múinteoirí, go háirithe ar a
bhféiniúlacht ghairmiúil. Is iomaí athrú atá tagtha freisin ar chomhthéacs oideachais
na Gaeltachta a thugann dúshlán suntasach do rannpháirtithe an choráis sin. Áirítear i
mease na ndúshlán sin: an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla; áiseanna míoiriúnacha
teagaisc agus foghlama; deacrachtaí timpeallacht lán-Ghaeilge na
scoileanna a chinntiú agus a chothú; freastal éagothrom ar riachtanais oiliúna agus
oideachais na rannpháirtithe.
Bunaítear an tionscadal seo ar thaighde páirce feiniméaneolaíochta ina
gcuimsítear agallaimh ina gcuireann múinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta a
dtaithí agus a ndearcadh i láthair, mar aon le taighde tánaisteach a chuimsíonn anailís
ar litríocht ábhartha.
Is beag taighde atá ar fáil i láthair na huaire ar thaithí ghairmiúil agus phearsanta
mhúinteoirí iar-bhunscoile, go háirithe an taighde sin a chuireann guth na múinteoirí
sin i lár an aonaigh. Tá an bheama seo le sonrú go láidir sa chomhthéacs oideachais
Gaeltachta. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo, tri anailís litríochta agus taighde
páirce, an bheama sa chorpas reatha taighde a líonadh agus léargas cruinn a thabhairt
ar thaithí an mhúinteora iar-bhunscoile Ghaeltachta.