Sa pháipéar seo, tugtar léargas ar an obair atá déanta ag meithleacha pobail dúchas.ie agus logainm.ie, dhá thionscadal ina bhfuil gnáthbhaill den phobal rannpháirteach i dtaighde béaloidis agus logainmníochta i bpáirt le taighdeoirí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) agus an Brainse Logainmneacha sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (BL). Pléitear an sluafhoinsiú mar choincheap i dtosach báire agus luaitear roinnt samplaí a léiríonn na buntáistí a bhaineann leis mar chur chuige i réimse na ndaonnachtaí. Breathnaítear chun cinn ar dheiseanna eile le teacht i dtír ar an gcineál eolais is minic a bhíonn ag an bpobal, e.g. eolas i dtaca le sloinnte Gaeilge nó an tírdhreach áitiúil, etc.
Item Type:
Conference or Workshop Item (Paper)
Event Type:
Conference
Refereed:
Yes
Uncontrolled Keywords:
Digital Humanities; Crowdsourcing; Citizen Science; Place names; Folklore