Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath

Mac Giolla Chomhghaill, Aindí (2024) Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Is é príomhaidhm an tráchtais seo mionlogainmneacha agus páircainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath a bhailiú le chéile in aon chnuasach cuimsitheach amháin, scrúdú a dhéanamh orthu chun corpas ceannfhoirmeacha Gaeilge a chruthú agus anailís a dhéanamh ar an gcorpas Gaeilge sin. Tá 323 logainm sa chorpas, a aimsíodh i bhfoinsí stairiúla, i gcnuasaigh áitiúla, ar sheantaifeadtaí cartlainne agus le linn obair pháirce. Tá an fhianaise scríofa agus fhoghraíochta seo leagtha amach, in éineacht le heolas ábhartha eile, in iontráil ar leith do gach logainm. Sa tráchtaireacht ar gach iontráil mínítear an anailís ar a bhfuil an moladh Gaeilge bunaithe. Pléitear leis an tacar ceannfhoirmeacha Gaeilge seo mar chorpas logainmneacha Gaeilge don cheantar taighde. Déantar anailís ar dhéantús na logainmneacha ó thaobh struchtúir de ar dtúis. Déantar iad a scagadh de réir aicmitheoirí agus cáilitheoirí ansin le gur féidir na heilimintí sin a rangú go tíopeolaíoch ar mhaithe le solas a chaitheamh ar an bpatrún logainmníochta Gaeilge sa cheantar. Déantar anailís den saghas céanna ar chorpais eile mionlogainmneacha Gaeilge laisteas agus lastuaidh den cheantar taighde agus cuirtear na torthaí i gcomparáid le chéile. Tarraingítear aird ar ghnéithe áirithe d’fhuaimniú na logainmneacha béarlaithe a d’fhéadfadh a bheith ina leid ar bhunfhuaimniú na logainmneacha i nGaeilge dhéanach na háite. Tarraingítear aird ar ghnéithe den phróiseas béarlaithe féin freisin. Ar deireadh, féachtar ar na mionlogainmneacha Béarla sa dá ghleann. Cuirtear an cóimheas páircainmneacha Gaeilge : Béarla sa cheantar taighde i gcomórtas le dhá cheantar eile ina bhfuil sonraí inchomparáide le fáil. Déantar rangú tíopeolaíoch ar na páircainmneacha Béarla sa dá ghleann chun spléachadh a fháil ar an bpatrún logainmníochta sa teanga sin is féidir a chur i gcomparáid leis na mionainmneacha de bhunadh na Gaeilge a mhaireann taobh leo.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:March 2024
Refereed:No
Supervisor(s):Ó Cleircín, Gearóid and Ó Raghallaigh, Brian
Subjects:Humanities > History
Humanities > Irish language
Humanities > Linguistics
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 4.0 License. View License
ID Code:29418
Deposited On:22 Mar 2024 11:45 by Gearóid Ã� Cleircín . Last Modified 22 Mar 2024 11:45
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution-Noncommercial-No Derivative Works 4.0
15MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record