Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

‘A Bhfuil ar Iarraidh’ Gannionadaíocht na mban i stair na Gaeilge agus ról Ainm.ie in athshlánú scéalta ban

Hickey, Orlaith orcid logoORCID: 0000-0003-0254-803X (2025) ‘A Bhfuil ar Iarraidh’ Gannionadaíocht na mban i stair na Gaeilge agus ról Ainm.ie in athshlánú scéalta ban. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Déanann an taighde seo ceist ionadaíocht na mban a chíoradh maidir le Ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ag tús an tionscadail seo, bhí 185 beathaisnéis faoi mhná sa bhunachar as 1,794 beathaisnéis (10.31%). Tháinig formhór bheathaisnéisí an bhunachair óna réamhtheachtaí, an tsraith leabhar Beathaisnéis (1986–2007), le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. I réamhrá an chúigiú himleabhar den tsraith, mhol na húdair dóibh siúd a aithníonn bearnaí, “forlíonadh dar teideal ‘A Bhfuil ar Iarraidh’ a chur le chéile” (1997, 13). Ceist chigilteach, phráinneach, agus idirnáisiúnta is ea an cheist seo, agus is fadhb fhorleathan í gannionadaíocht na mban i mbunachair bheathaisnéisí timpeall na cruinne. Chuir tionscadail bheathaisnéisí ar nós an Oxford Dictionary of National Biography agus an Australian Dictionary of Biography rompu dul i ngleic le tearcléiriú ghrúpaí ar leith trí thionscadail ‘daoine ar iarraidh’ (missing persons) a chur i gcrích. Tá dhá phríomhaidhm ag an taighde seo mar sin: 1. Na hiontrálacha faoi mhná atá in Ainm.ie cheana féin a chíoradh agus comparáid a dhéanamh idir meiteashonraí na mbeathaisnéisí sin. 2. Na heasnaimh i dtaca le bearnaí in ionadaíocht na mban a aimsiú agus tús a chur lena líonadh. Tríd an scagadh a rinneadh, bhíothas in ann tuiscint níos fearr a fháil ar shaolta na mban a bhfuil a mbeathaisnéisí sa bhunachar, agus bunchritéir a leagan amach do na beathaisnéisí a roghnaíodh mar chuid den tionscadal PhD seo. Tá ceithre phríomhbheathaisnéis ionadaíocha (1,500–2,500 focal) i gcorp an tráchtais: Máire Nic a Liondain (fl. 1755), Nóra Ní Chinnéide (1859–1936), Maggie Tom Dirrane (1899–1995), agus Gráinne Yeats (1925–2013). Cuirtear 181 beathaisnéis de na mná eile a aimsíodh i bhfoirm mionbheathaisnéise (150–250 focal) in Aguisín A an tráchtais. Faightear cur síos sa tráchtas seo ar chúiseanna ghannionadaíocht na mban i stair na teanga agus na gcnuasach beathaisnéisí, beathaisnéisí 185 mhná ‘ar iarraidh’, agus moltaí maidir le leanúnachas an tionscadail athshlánaithe beathaisnéisí seo.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:2025
Refereed:No
Supervisor(s):Bhreathnach, Úna and Ó Liatháin, Pádraig
Uncontrolled Keywords:Beathaisnéis, Stair na mBan, Mná, Inscne, an Ghaeilge, Feimineachas, Daoine ar Iarraidh, Irish language, Feminism, Gender, Women, Biography, Women's History, Missing Persons
Subjects:Humanities > History
Humanities > Irish language
Humanities > Literature
Social Sciences > Sociology
Social Sciences > Gender
Social Sciences > Identity
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science
DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 4.0 License. View License
Funders:An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
ID Code:32058
Deposited On:20 Apr 2026 10:59 by Úna Bhreathnach . Last Modified 20 Apr 2026 10:59
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Orlaith Hickey- Tráchtas- 121225.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution-Noncommercial-No Derivative Works 4.0
5MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record