Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

An scéal a thuiscint ón dá insint de: foghlaim agus teagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal trí thaithí an lucht foghlama agus teagaisc araon

Ní Shluáin, Méabh (2026) An scéal a thuiscint ón dá insint de: foghlaim agus teagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal trí thaithí an lucht foghlama agus teagaisc araon. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Is iomaí fáth a leanann daoine leis an Ghaeilge go dtí an tríú leibhéal. D’fhéadfaí breathnú ar na fáthanna seo mar inspreagadh tosaigh na mac léinn agus é ag feidhmiú mar choincheap casta agus athraitheach. Tá go leor taighde déanta ar inspreagadh an dara teanga agus neart teoiricí cruthaithe chun tuiscint a fháil ar an fheidhm a bhaineann leis. Cuireadh roinnt de na teoiricí sin in oiriúint do chomhthéacs na Gaeilge agus solas á chaitheamh acu ar na cúiseanna a thugann daoine faoin Ghaeilge agus iad ina bhfoghlaimeoirí fásta. Fiú i gcás na nuachainteoirí, nuair nach raibh ceangal díreach ag an taighde le ceist an inspreagtha, ba luachmhar an léargas a tháinig chun cinn faoi idé-eolaíochtaí agus cleachtais teanga. In ainneoin fhlúirse na litríochta faoi fhoghlaim na Gaeilge ar an tríú leibhéal, ní mór an chomparáid atá déanta ar institiúidí na tíre. Is é aidhm an taighde seo, mar sin, iniúchadh idirinstiúideach a dhéanamh ar inspreagadh na Gaeilge i réimse an ardoideachais trí thuairiscí a bhailiú ón lucht foghlama agus teagaisc. Ba é 22 mhac léinn agus 14 oideoir a bhí páirteach i gcéimeanna cáilíochtúla an staidéir, trí scéal foghlama teanga a scríobh agus / nó agallamh leathstruchtúrtha a dhéanamh, agus ba é 91 fhochéimí a thug freagra ar an cheistneoir iar-staidéir. Cuireann an taighde seo go mór le múineadh na Gaeilge ag gach leibhéal oideachais trí bhéim a chaitheamh ar thionchar na taithí scoile ar mheon agus ar chumas na bhfoghlaimeoirí anuas ar chnuasach de dhea-straitéisí teagaisc a chur le chéile. Dírítear go sonrach ar thaobh mothaitheach na foghlama trí aird chuí a tharraingt ar scéal an fhoghlaimeora aonair agus ar an tábhacht a bhaineann le féinfheasacht agus le machnamh dá gcuid. Caitear súil fosta ar athruithe móra i comhthéacs an ardoideachais ó thaobh cúrsaí teanga, eacnamaíochta agus teicneolaíochta de.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:8 January 2026
Refereed:No
Supervisor(s):Uí Laighléis, Gearóidín and Mac Risteaird, Seán
Subjects:Humanities > Irish language
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science
DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
DCU Faculties and Schools
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 4.0 License. View License
Funders:DCU, Taighde Éireann
ID Code:32158
Deposited On:20 Apr 2026 11:04 by Gearóidín Uí Laighléis . Last Modified 20 Apr 2026 11:04
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Final Approved Thesis_Méabh Ní Shluáin.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution-Noncommercial-No Derivative Works 4.0
8MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record