Ahern, Liam Pearse (2026) Iniúchadh ar an bhFoghlaim Thascbhunaithe mar Chur Chuige le Scileanna Idirghníomhaithe Cainte a Fhorbairt sa Ghaeilge in Iarbhunscoileanna meán-Bhéarla (T2). PhD thesis, Dublin City University.
Abstract
Léirítear sna tuairiscí leanúnacha ó chigirí na Roinne Oideachais agus Óige nach bhfuil scileanna idirghníomhaithe cainte scoláirí iar-bhunscoile meán-Bhéarla (scoileanna T2) ag teacht leis na scileanna teanga eile atá acu sa Ghaeilge. Cuireadh taighde dearadhbhunaithe i bhfeidhm mar mhodheolaíocht chun staidéar cáilíochtúil a dhéanamh ar an bhfoghlaim thascbhunaithe um theanga (FTBT) mar chur chuige chun scileanna idirghníomhaithe cainte a fhorbairt i measc scoláirí a bhí ag freastal ar scoileanna T2. Dearadh clár forbartha gairmiúla inar ghlac ceathrar múinteoirí páirt. Forbraíodh foireann tascanna a thagann leis an litríocht ar FTBT a d’úsáid an taighdeoir mar chuid den fhorbairt ghairmiúil sular bhain na múinteoirí leas astu lena gcuid scoláirí. Bhí trí thimthriall sé seachtaine ann ag teacht le taighde dearadhbhunaithe. Rinneadh leasuithe ar na hacmhainní le linn an taighde ar bhonn atriallach agus i gcomhpháirt leis na rannpháirtithe. D’eascair acmhainní oideolaíochta bunaithe ar FTBT ón taighde. Rinneadh agallamh leis na múinteoirí ag tús agus ag deireadh gach timthrialla chun sonraí a bhailiú uathu faoi na braistintí a bhí acu maidir leis an bhforbairt ghairmiúil agus FTBT. Reáchtáladh grúpaí fócais le scoláirí i ngach scoil freisin chun iniúchadh a dhéanamh ar na braistintí a bhí acu maidir le FTBT (n = 18). Ar an iomlán, léiríodh go raibh braistintí dearfacha ag na rannpháirtithe maidir le FTBT mar chur chuige atá taitneamhach agus gníomhach chun scileanna idirghníomhaithe cainte a fhorbairt. Léiríodh freisin gur thaitin an ghné idirghníomhach den FTBT leis na rannpháirtithe ach taispeánadh go mbeadh drogall ar mhúinteoirí FTBT a chur i bhfeidhm i scoileanna T2 de bharr chúltionchar na scrúduithe stáit. Eascraíonn moltaí ón taighde maidir le hoideachas múinteoirí, forbairt agus cur i ngníomh FTBT agus taighde eile amach.
Metadata
| Item Type: | Thesis (PhD) |
|---|---|
| Date of Award: | 19 August 2026 |
| Refereed: | No |
| Supervisor(s): | Ní Dhiorbháin, Aisling and Ó Duibhir, Pádraig |
| Subjects: | Arts and Humanities > Language and Linguistics Social Sciences > Social Sciences (miscellaneous) Social Sciences > Education |
| DCU Faculties and Centres: | DCU Faculties and Schools > Institute of Education DCU Faculties and Schools > Institute of Education > School of Language, Literacy, & Early Childhood Education Research Institutes and Centres > Sealbhu |
| School, Faculty or Unit: | DCU Institute of Education DCU Institute of Education > School of Language, Literacy & Early Childhood Education |
| Use License: | This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 4.0 License. View License |
| ID Code: | 33315 |
| Deposited On: | 09 Nov 2026 11:48 by Aisling Ni Dhiorbhain . Last Modified 09 Nov 2026 11:48 |
Documents
Full text available as:
Preview |
PDF
- Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution-Noncommercial-No Derivative Works 4.0 9MB |
Downloads
Downloads
Downloads per month over past year
Archive Staff Only: edit this record