Is í comharthaíocht na hÉireann an léiriú is feiceálaí dá bhfuil againn dár dteanga dhúchais ó bhunú Saorstát Éireann sa bhliain 1922. Is iomaí foilseachán atá againn maidir leis an gcomharthaíocht agus is iondúil go mbíonn aird á dhíriú iontu ar leaganacha éagsúla de logainm na háite nó ar an modh a dtángthas ar an leagan sin. Is beag mionscrúdú atá déanta ar pholasaí an Stáit maidir leis an gcomharthaíocht, áfach, agus is é sin a spreag an taighdeoir chun tabhairt faoin mbeartas taighde seo.
Roghnaíodh modhanna cáilíochtúla go príomha chun sonraí a bhailiú a chuir ar chumas an taighdeora beachtú a dhéanamh ar pholasaí an Stáit, go háirithe mar atá sin léirithe sna hAchtanna cuí, sna hIonstraimí Reachtúla agus sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta sa Léirmheas Litríochta. Aimsíodh fianaise ar fheidhmiú (nó easpa feidhmithe) an pholasaí i ngrianghraif, trí agallaimh leathstrúchtúrtha le daoine atá lárnach den chúram agus trí chás-staidéar ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le feidhmiú na reachtaíochta ó 2006 go dtí 2011. Rinneadh na hagallaimh a thras-scríobh agus tarraingíodh torthaí agus tátail as na hagallaimh agus as na foinsí thuasluaite. Cuirtear in iúl nach gcloítear leis na feidhmeanna dlíthiúla i gcónaí, agus meastar gur laige sa chur chuige é toisc nach dtiteann cúram na comharthaíochta ar aon institiúid Stáit ar leith.