Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Forbairtí in imdhionbhraiteoirí leictriceimiceacha

Ní Ghrianáin, Caitlín (2003) Forbairtí in imdhionbhraiteoirí leictriceimiceacha. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Ba é cuspóir na hoibre seo, ná chun imdhíonbhraiteoir nua a fhorbairt chun anailís timpeallachta a dhéanamh ar an lotnaidicíd atraisín. Tugtar cur síos ar conas olltáirgeadh a dhéanamh ar bhraiteoir mar seo, cé gurbh é príomhchuspóir na hoibre seo ná chun baisceanna de leictreoidí shochaite a tháirgeadh. Chomh maith le sin, tríd an próiseas braiteora a shimpliú go bpróiseas braiteora aon-chéimeach, ni bheadh an méid sin cur isteach ag teastáil ón úsáideoir agus ni bheadh an méid nó an castachas chéanna, a bhain leis na céimeanna measúnachta, ag teastáil ach an oiread. Dearcaíodh leictreoidí scáthlán-priontáilte agus forbraíodh próiséas cumadóireachta chun iad a tháirgeadh agus a hoptamú. Tri fiosruithe leictriceimiceacha, optúla agus miocrascópacha a dhéanamh ar raon de pharaiméadair éagsúla, ar nós slaodacht na ndúigh, teocht agus ama na saille, tigfear optamúchán a bhaint amach ar an bpróiséas cumadóireachta. Taispéanfar an tionchar a bhí ag céim réamh-chóireáile ar na hairí leictranailíseacha agus struchtúracha de na leictreoidí chomh maith. Faoi dheireadh, déanfar cur síos ar chomparáid a rinneadh idir oibriú na leictreoidí seo agus oibriú leictreoid charbóin ghloiní. Rinneadh cur síos ar an optamú agus ar an gcarachtaracht a rinneadh ar scannáin polanailíne a dheascadh go leictriceimiceach agus go ceimiceach ar raon de dhromchlaí leictreoide éagsúla. Tá cur síos ar an tionchar a bhí ag tiús na scannáin, maidir le scannáin a ullmhaíodh go leictriceimiceach, curtha san áireamh san obair seo chomh maith. Deascadh scannáin polanailíne a ullmhaíodh go ceimceach ar raon de fhoshraitheanna agus taispeánadh go raibh siad oiriúnach don choras braiteora áirithe seo. Athraíodh roinnt paraiméadair den phróiséas deasctha chun iarracht a thabhairt ar smacht níos fearr a fháil ar thiús na scannáin a dheascadh go ceimiceach; roimhe seo, ba é seo an t-aon míbhuntáiste amháin a bhain le scannáin mar seo. Tá cur síos déanta ar an gcarachtaracht a rinneadh ar scannáin bunaithe ar einsímí agus ar antashubstaintí a dheascadh ar leictreoidí clúdaithe le polanailín freisin. Forbraíodh braiteoirí bunaithe ar antashubstaintí chun anailís a dhéanamh leo ar bhitin agus ar atraisín le hantashubstaintí iomlán agus bloghanna athchuingreacha d’antashubstaintí. Tá cur síos déanta ar iarrachtaí a rinneadh chun an méid de chéimeanna measúnachta agus fadhbanna maidir le hinathraitheachtaí idir-leictreoide agus athghiniúint dhromchlach a shárú, tri theicníochtaí chalabraithe nua a dhéanamh.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:2003
Refereed:No
Supervisor(s):Smyth, Malcolm R., Mac Gabhann, Maolcholm R., Ó Coilleárd, Antóin S. and Collard, Anthony
Uncontrolled Keywords:Sensors; Pesticide
Subjects:Physical Sciences > Chemistry
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Science and Health > School of Chemical Sciences
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:18109
Deposited On:09 May 2013 13:13 by Celine Campbell . Last Modified 04 Aug 2021 15:09
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Caitlìn_Nì_Ghrianàin.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
7MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record