Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Polasaí an stáit maidir le Gaeilge ar chomharthaíocht stáit

Lynskey, Maura (2013) Polasaí an stáit maidir le Gaeilge ar chomharthaíocht stáit. Master of Arts thesis, Dublin City University.

Abstract
Is í comharthaíocht na hÉireann an léiriú is feiceálaí dá bhfuil againn dár dteanga dhúchais ó bhunú Saorstát Éireann sa bhliain 1922. Is iomaí foilseachán atá againn maidir leis an gcomharthaíocht agus is iondúil go mbíonn aird á dhíriú iontu ar leaganacha éagsúla de logainm na háite nó ar an modh a dtángthas ar an leagan sin. Is beag mionscrúdú atá déanta ar pholasaí an Stáit maidir leis an gcomharthaíocht, áfach, agus is é sin a spreag an taighdeoir chun tabhairt faoin mbeartas taighde seo. Roghnaíodh modhanna cáilíochtúla go príomha chun sonraí a bhailiú a chuir ar chumas an taighdeora beachtú a dhéanamh ar pholasaí an Stáit, go háirithe mar atá sin léirithe sna hAchtanna cuí, sna hIonstraimí Reachtúla agus sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta sa Léirmheas Litríochta. Aimsíodh fianaise ar fheidhmiú (nó easpa feidhmithe) an pholasaí i ngrianghraif, trí agallaimh leathstrúchtúrtha le daoine atá lárnach den chúram agus trí chás-staidéar ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le feidhmiú na reachtaíochta ó 2006 go dtí 2011. Rinneadh na hagallaimh a thras-scríobh agus tarraingíodh torthaí agus tátail as na hagallaimh agus as na foinsí thuasluaite. Cuirtear in iúl nach gcloítear leis na feidhmeanna dlíthiúla i gcónaí, agus meastar gur laige sa chur chuige é toisc nach dtiteann cúram na comharthaíochta ar aon institiúid Stáit ar leith.
Metadata
Item Type:Thesis (Master of Arts)
Date of Award:November 2013
Refereed:No
Supervisor(s):Ó Flatharta, Peadar
Uncontrolled Keywords:State policy; Signage; Gaeilge
Subjects:Humanities > Irish language
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:19416
Deposited On:25 Nov 2013 16:02 by Peadar O Flatharta . Last Modified 02 Mar 2022 12:17
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Maura_Lynskey_Thesis.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
1MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record