Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Seán Ó Ciarghusa: a bheatha agus a shaothar iriseoireachta

Sinnott, Mary (2021) Seán Ó Ciarghusa: a bheatha agus a shaothar iriseoireachta. Master of Arts thesis, Dublin City University.

Abstract
Tugann an tráchtas seo léiriú dúinn ar shaothar iriseoireachta Sheáin Uí Chiarghusa. Tá anailís na scríbhinní seo i gcroílár an tráchtais. I dtosach báire, tugtar léiriú ar shaol Uí Chiarghusa agus é ina oifigeach Custaim is Máil, colúnaí agus conraitheoir gníomhach. Saolaíodh sa bhliain 1873 é agus fuair sé bás i 1956. Ba as Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge dó, fiche míle ó Ghaeltacht na Rinne. Tugann an tráchtas seo léiriú ar an obair a rinne Seán Ó Ciarghusa mar oifigeach Custaim is Máil sa Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart na hÉireann agus i mBaile Átha Cliath chomh maith. Anuas air seo, tugann sé léiriú dúinn ar na rólanna éagsúla a bhí aige mar bhall den Chonradh fad is a bhí sé ina oifigeach Custaim is Máil sna háiteanna seo. Nochtann an staidéar seo an fonn a bhí air aidhmeanna agus cuspoirí an Chonartha a chur chun cinn fad is a bhí sé ag obair sna háiteanna difriúla seo. Ag casadh an chéid, d’fhoilsigh sé i ndhá phríomhnuachtán An Claidheamh Soluis agus The Leader, go príomha. Cé nár oileadh mar scríbhneoir é, bhain sé úsáid as uirlis chumarsáide na nuachtán agus na dtréimhseachán, chun a chuid tuairimí a fhoilsiú maidir le conspóidí agus díospóireachtaí comhaimseartha. Is iad seo a leanas liosta na dtéamaí roghnaithe atá mar chuid den staidéar seo; áit na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, neamhshuim an aosa óig sa teanga, tionchar an chultúir eachtrannaigh in Éirinn agus stádas na Gaeilge i bPort Láirge, áit dhúchais Uí Chiarghusa, le linn tús na hAthbheochana. Ina theannta sin, tugann Ó Ciarghusa léiriú dúinn ar scoláirí mór le rá na Gaeilge le linn an ama seo. Is gné lárnach í an anailís seo den tráchtas. Is foinsí luachmhara, tábhachtacha, stairiúla iad na scríbhinní seo a chaitheann solas ar dhíospóireachta comhaimseartha na fichiú haoise. Baineann an chaibidil dheireanach le conclúidí an tráchtais agus leis an méid atá foghlamtha againn mar gheall ar Sheán Ó Ciarghusa mar dhuine agus mar scríbhneoir.
Metadata
Item Type:Thesis (Master of Arts)
Date of Award:January 2021
Refereed:No
Supervisor(s):Ó Liatháin, Pádraig and Nic Mhathúna, Deirdre
Subjects:Humanities > Irish language
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:25325
Deposited On:11 Mar 2021 14:09 by Pádraig Ã� Liatháin . Last Modified 11 Mar 2021 14:09
Documents

Full text available as:

[thumbnail of M.Phil M. Sinnott 5 EANÁIR 2020 17213454.pdf] PDF - Archive staff only. This file is embargoed until 6 January 2025 - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
1MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record