Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

An bhfuil athghabháil na Gaeilge mar skopos i ndrámaí aistrithe na Gaeilge? Anailís fheidhmiúlach ar chnuasach aistriúchán Gaeilge ó dhrámaí de chuid Martin McDonagh agus J.M. Synge.

Murphy, Jamie orcid logoORCID: 0000-0002-3648-1868 (2023) An bhfuil athghabháil na Gaeilge mar skopos i ndrámaí aistrithe na Gaeilge? Anailís fheidhmiúlach ar chnuasach aistriúchán Gaeilge ó dhrámaí de chuid Martin McDonagh agus J.M. Synge. PhD thesis, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath/Dublin City University.

Abstract
The aim of this thesis is to adjust and remodel a framework which has its origins in functionalism in the field of translation studies. The adjusted framework draws on the foundation of functionalism, driven mainly by scholars such as Nida, Reiss and Vermeer, among others, and takes advantage of the postpositivist elements within the field, most notably those from Nord and her concept of ‘loyalty’. The newly-adjusted framework lays out the elements needed to analyse the retrospective ‘skopos’ or ‘aim’ of language reclamation as it pertains to the Irish language. A full sample of translated plays in Irish from J.M. Synge and Martin McDonagh is used to apply this framework. The aim of the thesis, therefore, is to use both extratextual factors relating to both the dramatists and translators, as well as intratextual factors in both the source plays and translated plays, in order to provide an in-depth analysis of the translated works using ‘language reclamation of the Irish language’ as the measuring stick. The thesis posits that the foundation of the original source plays was rooted in, or inspired by, the Irish language. By assessing the Irish translations of the source plays using these elements as a guide, a full comparative analysis was conducted on eight source plays and their translations. Apart from superficial and anecdotal references, this thesis is the first serious attempt at performing such an all-encompassing analysis on these translated works, and in the case of some translations, the first time that commentary has ever been provided in an academic manner. As well as providing analysis and commentary, this thesis aims to provide a groundwork for other researchers, students and translators to be able to carry out an analysis of this kind on other translated works with different ‘skopoi’ or aims. Is é aidhm an tráchtais seo anailís fheidhmiúlach a dhéanamh ar chnuasach drámaí aistrithe de chuid Martin McDonagh agus J.M. Synge. Bunaítear fráma na modheolaíochta trí chéile ar ‘skopos’ arb ionann é agus ‘aidhm’ sa Ghaeilge. Áitítear sa tráchtas seo gurb é aidhm chúlghabhálach na n-aistriúchán atá á n-anailísiú i gCaibidlí 4 agus 5 ná ‘athghabháil na Gaeilge’. Ar mhaithe leis an aidhm chúlghabhálach sin a fhiosrú, baineadh úsáid as an smaointeoireacht atá taobh thiar den obair a rinne Vermeer agus Reiss go príomha i réimse an fheidhmiúlachais san aistriúchán. Tugann an obair sin bunchreatlach d’obair Nord maidir le hanailís téacsanna san aistriúchán a phléitear go mion i gCaibidil 3. Baintear úsáid as obair Nord, mar sin de, mar bhunús don anailís agus baintear úsáid shainleasaithe as an gcreatlach aici chun an skopos cúlghabhálach, athghabháil na Gaeilge, a fhiosrú. Chun comhthéacs a thabhairt don mhodheolaíocht agus don obair seo ar skopos, pléitear míniúchán an aistriúcháin agus an choibhéis san aistriúchán i Rannáin 1.1 agus 1.2. Tugtar léargas cuimsitheach ar skopos agus coincheap na ‘dílseachta’ le Nord i Rannáin 1.3 agus 1.4 ansin. Toisc gur ag plé le drámaí aistrithe sa Ghaeilge atáthar sa tráchtas, tugtar léargas ar ról an aistriúcháin sa drámaíocht agus sa Ghaeilge mar mhionteanga i Rannáin 2.3.1 go 2.3.3. Le tuiscint níos fearr a fháil ar choincheap na haidhme nó an chuspóra, .i. an skopos, pléitear le ‘skopoi’ eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gcás aistriúcháin eile ach ar ndóigh, tá an liosta seo gan teorainn. Níl déanta i Rannáin 2.3.4 go 2.3.7, dá bhrí sin, ach comhthéacsú ar choincheap aidhmeanna i ndrámaí aistrithe. Treoraíonn na rannáin sin an tráchtas chuig míniú ar bhrí ‘athghabháil na Gaeilge’ mar choincheap ilghnéitheach ach mar choincheap beacht i gcás an tráchtais seo. Leagann an dá chaibidil sin na bunchlocha síos do Chaibidil 3 ina mínítear cur chuige Nord i leith aistriúcháin agus buntéacsanna a anailísiú. Bunaithe air sin, pléitear cur chuige sainleasaithe an tráchtais go dlúth i Rannán 3.5 ionas go bhfuil creatlach na hanailíse leagtha amach go soiléir le haghaidh Chaibidlí 4 agus 5. Leagtar amach anailís na gcaibidlí sin i bplé deighilte agus mínítear a bhfuil i ngach rannán aonair i dTábla E, Rannán 3.5. Pléitear le gnéithe intéacsúla agus seachthéacsúla a mhínítear go sonrach i dTábla D, Rannán 3.4. Baintear úsáid as na gnéithe sin i gcás shaothair Martin McDonagh agus J.M. Synge mar aon leis na haistriúcháin éagsúla a ghabhann leo chun iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh sula bpléitear skopos cúlghabhálach ‘athghabháil na Gaeilge’ i Rannáin 4.9 agus 5.9 faoi seach. Sa chonclúid i Rannán 6, tugtar tátal bunaithe ar an dá chaibidil sin mar aon leis an bplé agus an cúlra iomlán sa tráchtas trí chéile chun a dhearbhú cé acu a comhlíonadh an skopos cúlghabhálach nó nár comhlíonadh. Bunaithe ar an taighde a rinneadh sa tráchtas seo, dealraítear gurb é seo an chéad uair a cuireadh anailís den chineál sin i bhfeidhm ar théacs i mionteanga amhail an Ghaeilge. Cé gur leis an nGearmáinis a bhain an taighde seo ar an gcéad dul síos, léiríonn Nord (2018) go bhfuil scoláirí eile tar éis úsáid a bhaint as a creatlach anailíse ar bhealaí éagsúla i gcás teangacha eile chomh maith. Deartar an cur chuige sa tráchtas seo chun úsáid a bhaint as na mórphointí i gcás obair Vermeer, Reiss agus Nord trí chéile le creatlach fheiliúnach a chur le chéile le ‘athghabháil na Gaeilge’ a fhiosrú. Tá an teimpléad nua arna leagan amach sa tráchtas tábhachtach sa mhéid go ligeann sé don scoláire ní hamháin anailís théacsúil a dhéanamh ar aistriúchán ach go soláthraíonn sé scóip sa bhreis chun gnéithe seachthéacsúla amhail cúrsaí cultúrtha, ama, staire srl. a chur sa mheá, chomh maith, chun iniúchadh níos uileghabhálaí a chur i bhfeidhm ar aistriúchán anailísithe. Táthar ag súil sa tráchtas seo, mar sin de, go mbeidh scoláirí eile in ann úsáid a bhaint as an gcur chuige coigeartaithe seo amach anseo chun na bunchlocha a leagan síos le haghaidh cineálacha eile anailíse ar aistriúcháin bunaithe ar skopoi (nó aidhmeanna eile) agus go réiteoidh an leagan amach i gCaibidlí 4 agus 5 an bealach le haghaidh anailísí den chineál sin.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:November 2023
Refereed:No
Supervisor(s):Mac Murchaidh, Ciarán and Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin
Subjects:Humanities > Irish language
Humanities > Translating and interpreting
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 4.0 License. View License
ID Code:28818
Deposited On:03 Nov 2023 16:11 by Ciarán Mac Murchaidh . Last Modified 03 Nov 2023 16:11
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Jamie Murphy PhD Thesis]
Preview
PDF (Jamie Murphy PhD Thesis) - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution-Noncommercial-No Derivative Works 4.0
1MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record