Ní Loingsigh, Katie (2016) Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire. PhD thesis, Dublin City University.
Abstract
Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe.
Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh.
Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo.
Metadata
Item Type: | Thesis (PhD) |
---|---|
Date of Award: | November 2016 |
Refereed: | No |
Supervisor(s): | Ó Raghallaigh, Brian and Nic Pháidín, Caoilfhionn |
Uncontrolled Keywords: | nathanna; canúineolaíochta; bunachar digiteach |
Subjects: | Humanities > Irish language Humanities > Linguistics |
DCU Faculties and Centres: | DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge |
Use License: | This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License |
ID Code: | 21343 |
Deposited On: | 21 Nov 2016 16:59 by Brian O'Raghallaigh . Last Modified 19 Jul 2018 15:08 |
Documents
Full text available as:
Preview |
PDF
- Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
59MB |
Downloads
Downloads
Downloads per month over past year
Archive Staff Only: edit this record