Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Na coláistí Gaeilge mar ghne d'athbheochan na Gaeilge, 1904-1912

Ó Coigligh, Seán (2014) Na coláistí Gaeilge mar ghne d'athbheochan na Gaeilge, 1904-1912. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Cuireadh coláiste Gaeilge ar bun i mBéal Atha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí sa bhliain 1904 chun múinteoirí scoile náisiúnta a ullmhú chun an Ghaeilge a theagasc i gcraobhacha Chonradh na Gaeilge agus sna scoileanna Náisiúnta ar fud na hÉireann. Ceadaíodh teagasc na Gaeilge mar ghnathabhar ar churaclam na scoileanna Náisiúnta den chéad uair riamh ó bunaíodh an córas oideachais náisiúnta in 1831 i scoileanna Náisiúnta na Gaeltachta nuair a fógraíodh an Clár Dátheangach in Aibreán 1904. Ba chuid den obair athnuachana ar an churaclam naisiunta a tosaíodh i 1900 é an clár. Chonacthas, áfach, nach raibh dóthain oidi oilte ann chun dul i mbun theagasc na Gaeilge sna scoileanna. Chuir an Piarsach agus an Craoibhín bunús an mhilleáin ar an Bhord Náisiúnta agus ar na coláistí oiliuna stait. Ba iarracht í búnu na gcoláistí Gaeilge an fhadhb seo a réiteach . Glacadh go réidh leis na cúrsaí a bhí á n-eagrú i gColáiste na Mumhan agus níorbh fhada gur oscláiodh colaístí Gaeilge eile sna ceithre chúige idir 1904 agus 1912. Mheall na cúrsaí seo na sluaite oidí chun na ceantair ba láidre Gaeilge ina raibh na coláistí bunaithe iontu. Bronnadh teastais inniúlachta orthu siúd ar éirigh leo sna scrúdaithe a reáchtáladh ag deireadh na gcúrsaí. Thuig an Bord Náisíunta fiuntas a gcuid oibre agus d'aithin sé teastais na gcoláistí mar cháilíocht oífigiúil muinteoireachta. Tá tábhacht ag na colaístí Gaeilge in éabhlóid theagasc na Gaeilge. Is iad a chuir oidí ar fail don chóras oideachais. Bhi scoláirí móra na Gaeilge ar nós Eoin Mhic Néill, Risteard Uí Dhálaigh, Risteard de Hindeberg, Thomáis Uí Cholmáin, Mhíchíl Breathnaigh agus Úna Ní Fhaircbeallaigh ag croílár obair na gcolaístí seo. Mar sin ba chéim chinniúnach e an feiniméan lenar bhain siad i scéal na Gaeilge sa chóras oideachais. Seasann na coláistí Gaeilge don idéalachas a spreag treaníarracht na gConraitheoiri deiseanna oiliúna a chur ar fáil d'oidí scoile na tíre an Ghaeilge a theagasc d'aos óg agus do dhaoine fásta an ama sin nuair nach raibh rialtas na tíre sásta na deiseanna sin a chur ar fail. Is e sin abhar agus fócas an tsaothair seo.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:November 2014
Refereed:No
Supervisor(s):Mac Gearailt, Uáitéar
Subjects:Humanities > Irish language
Social Sciences > Education
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:22717
Deposited On:12 Oct 2018 14:05 by Thomas Murtagh . Last Modified 12 Oct 2018 14:05
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Sean O Coigligh.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
18MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record