Cuireann an tráchtas seo roimhe cur leis an bhfaisnéis bheathaisnéiseach a bhí ar fáil faoin Dr. Joseph Henry Lloyd agus faoina mhac, Seosamh Laoide, agus míthuiscintí áirithe buanaithe sna cuntais reatha a cheartú. Scrúdaíodh cúlra cultúrtha agus teangeolaíoch na beirte agus na róil a bhí acu, duine ar dhuine, i gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, agus, i gcás Seosaimh, i gConradh na Gaeilge, ar chuidigh sé é a bhunú. Pléitear tionchar an athar ar an mac, teangeolaíoch agus eile, a ciorraíodh le bás anabaí an athar in 1884. Léirítear mar a shealbhaigh Seosamh an Ghaeilge, an méid a chuir sé i gcrích mar sholáthraí d'Irisleabhar na Gaedhilge agus ina dhiaidh sin mar eagarthóir ar an iris. Feictear mar a d'fhás a chlú, náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar bhéaloideasaí agus mar scoláire, agus mar a d'fhorbair sé mar eolaí ar na canúintí agus mar údarás ar cheartúsáid na Nua-Ghaeilge scríofa. Taispeántar mar a chothaigh sé córas ceartúsáide a leanadh go forleathan go dtí go raibh foclóir an Duinnínigh agus Graiméar na mBráithre ar fáil—dhá shaothar ina bhfuil sé ainmnithe mar chuiditheoir. Ba é a bhua gur fheidhmigh sé uaschaighdeán don phrós nua a cheadaigh tréithíocht na gcanúintí ar leith. Léirítear mar dhuine d'ailtirí na teanga liteartha nua é agus mar cheannródaí a d'fhorbair cultúr cló do Ghaeilge an phobail. Meastar mar eagarthóir sciliúil leabhar agus mar údar bisiúil é. Taispeántar gur thapaigh sé an borradh i bhfoilsitheoireacht leabhar Gaeilge a tharla idir 1900 agus 1915. Léirítear a thionchar ar chomharthaíocht na Gaeilge mar logainmneoir agus mar chartagrafaí. Rinneadh measúnú ar a dhílseachtaí, polaitiúil agus eile, mar shíochánaí i measc náisiúnaithe míleatach. Glacadh leis an dúshlán na ráflaí faoi sa chomhthéacs seo a dheimhniú nó a bhréagnú. Toisc go bhfuil an oiread sin ábhair bainteach leis an Laoideach i gcartlanna éagsúla, braitear gur síolchur an tráchtas seo a chomharthaíonn breis taighde faoi.