Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Mionlogainmneacha i mbarúntachtaí Uíbh Fhailí thoir agus Uíbh Fhailí thiar, Contae Chill Dara

Ó Gliasáin, Justin (2022) Mionlogainmneacha i mbarúntachtaí Uíbh Fhailí thoir agus Uíbh Fhailí thiar, Contae Chill Dara. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Is é aidhm an tráchtais seo bailiúchán mionlogainmneacha i mBarúntachtaí Uíbh Fhailí Thoir agus Uíbh Fhailí Thiar, Contae Chill Dara, a chur i láthair, agus grinnanailís a dhéanamh ar gach ainm d’fhonn a shanasaíocht agus a bhunfhoirm a dhéanamh amach agus , i gcás mionlogainmneacha de bhunadh na Gaeilge, d’fhonn ceannfhoirm Ghaeilge a mholadh. I gcorp an tráchtais pléitear mionlogainm in iontrálacha ina liostaítear foirmeacha a bailíodh ó cháipéisí stairiúla amhail léarscáileanna, suirbhéanna agus 35 6 gníomhais, agus ó fhaisnéiseoirí áitiúla. Liostaítear na hainmneacha de réir barúntachta, paróiste dlí agus ansin de réir baile fearainn. Leagtar amach na tagairtí stairiúla a ghabhann le gach ainm in ord croineolaíoch. Bíonn na mionlogainmneacha léirithe ar léarscáileanna den bhaile fearainn ina bhfuil siad suite nuair atá an suíomh beacht ar eolas. Tá alt mínithe ag gabháil le gach iontráil ina ndéantar anailís ar na foirmeacha stairiúla agus ar fhoirmeacha foghraíochta comhaimseartha le gur féidir bunfho irm agus sanasaíocht an mhionlogainm a rianadh siar. Mar thaca leis an anailís sin, déantar plé achomair ar chúrsaí staire, topagrafaíochta, talmhaíochta, seandálaíochta agus béaloidis, nuair is cuí. Iniúchtar na hainmneacha ó thaobh cúrsaí canúna le cur l eis an stór eolais teoranta i leith na canúna a labhraítí sa cheantar. Déantar gnéithe canúnacha atá le sonrú sna hainmneacha amhail forbairtí foghraíochta agus stór focal a chur i gcomparáid le gnéithe atá le fáil i bhfoinsí eile a bhaineann leis an gcean tar staidéir é féin, agus le ceantair eile sa tír. Chomh maith leis sin, déantar anailís mhacraleibhéil a logainmníochta r na heilimintí atá sna hainmneacha chun tuiscint níos leithne a fháil ar an gcóras ainmniúcháin sa cheantar.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:November 2022
Refereed:No
Supervisor(s):Ó Cleircín, Gearóid and Ó Fionnagáin, Aengus
Uncontrolled Keywords:placenames; onomastics; dialectology; Kildare
Subjects:Humanities > Irish language
Humanities > Linguistics
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
ID Code:27693
Deposited On:11 Nov 2022 10:28 by Gearóid Ã� Cleircín . Last Modified 11 Nov 2022 10:28
Documents

Full text available as:

[thumbnail of 22.08.31 Justin Ó Gliasáin. 17213677.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution-Noncommercial-No Derivative Works 4.0
9MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record