Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí iar-bhunscoile tumoideachais i leith nuathéarmaíocht na Gaeilge

de Poire, Dara orcid logoORCID: 0000-0003-0948-9749 (2025) Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí iar-bhunscoile tumoideachais i leith nuathéarmaíocht na Gaeilge. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Tá borradh tagtha ar cheist na téarmaíochta sa Ghaeilge le blianta beaga anuas, idir chorpais, bhunachair agus fhoclóirí, ach tá sé tráthúil go gcuirfear dearcthaí an phobail ina leith san áireamh fosta. Is beag taighde a dhíríonn ar nuathéarmaíocht na Gaeilge, áfach, agus níos lú fós a phléann le dearcthaí cainteoirí Gaeilge i gcoitinne ina leith. Sa taighde seo, bailíodh sonraí ar chleachtais agus ar idé-eolaíochtaí teanga na múinteoirí i dtaobh gnéithe ábhartha na nuathéarmaíochta, is iad sin, na téarmaí iad féin, cleachtas cainte an chódmhalartaithe agus acmhainní téarmaíochta agus foclóireachta na Gaeilge. Ní bhíonn rath ar iarrachtaí pleanála teanga nach n-áiríonn dearcthaí, idéeolaíochtaí agus cleachtais teanga an phobail a bhfuil tionchar ag an bpleanáil sin orthu. Níl dearcthaí múinteoirí bailithe i leith na nuathéarmaíochta cé go bhfuil nasc stairiúil le múinteoirí agus forbairt théarmaíocht na Gaeilge. Ní hamháin go dtugtar eolas nua ina leith sa taighde seo agus go ndéantar eolas nua do pholasaithe teanga, ach pléitear ról an mhúinteora mar bhainisteoir teanga i bhfearann an oideachais, agus ról na scoileanna i bhforbairt na teanga chuig an gcéad ghlúin eile. Is dearadh taighde modhanna measctha atá in úsáid sa taighde seo le sonraí a bhailiú ar dhearcthaí na múinteoirí. Tugtar mionléiriú ar thuairimí na múinteoirí i bhfoirm chainníochtúil (ceistneoir N=156) agus cháilíochtúil (agallaimh N=13) agus déantar anailís ar an dá thacar sonraí seo le chéile le tátal a bhaint as na sonraí. Léirítear den chéad uair, dearcthaí cainteoirí Gaeilge, a bhfuil leibhéil chumais éagsúla teanga acu, i leith na nuathéarmaíochta, agus go bhfuil meascán de dhearcthaí dearfacha agus diúltacha i gceist. Cíortar an tábhacht agus an tionchar atá ag na gnéithe ábhartha a luadh thuas ar fhorbairt agus ar mharthanas nuathéarmaíocht na Gaeilge. Aithnítear sa taighde seo nár cheart idé-eolaíochtaí agus cleachtais teanga a phlé astu féin agus gur gá suíomh, comhthéacs agus aidhmeanna an phíosa cainte a chur san áireamh le tuiscint a fháil ar dhearcthaí teanga na múinteoirí i leith na nuathéarmaíochta.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:August 2025
Refereed:No
Supervisor(s):Nic Lochlainn, Caoimhe, Mac Risteaird, Seán and Flynn, Colin J.
Subjects:Humanities > Irish language
Social Sciences > Education
Social Sciences > Teaching
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science
DCU Faculties and Schools > Faculty of Humanities and Social Science > Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 4.0 License. View License
ID Code:32333
Deposited On:10 Mar 2026 14:00 by Gordon Kennedy . Last Modified 10 Mar 2026 14:00
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Traěchtas_17364091_DdeP.pdf] PDF - Archive staff only. This file is embargoed until 1 October 2026 - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution-Noncommercial-No Derivative Works 4.0
7MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record