Login (DCU Staff Only)
Login (DCU Staff Only)

DORAS | DCU Research Repository

Explore open access research and scholarly works from DCU

Advanced Search

Iniúchadh ar chleachtais litearthachta i gcóras bunscolaíochta Chatagóir A na Gaeltachta: cur chuige praiticiúil d ’fhorbairt na scríbhneoireachta

Ní Chuaig, Neasa (2016) Iniúchadh ar chleachtais litearthachta i gcóras bunscolaíochta Chatagóir A na Gaeltachta: cur chuige praiticiúil d ’fhorbairt na scríbhneoireachta. PhD thesis, Dublin City University.

Abstract
Déantar cu síos sa tráchtas seo ar thaighde feidhmeach ar an litearthacht a cuireadh i gcrích i mbunscoileanna Chatagóir A na Gaeltachta. Cuireadh agallaimh ar phríomhoidí i gceantair Ghaeltachta Chatagóir A ar fud na tíre chun a dtuairimí maidir le caighdeán litearthachta na ndaltaí a bhailiú. Rinneadh anailís ar 35 agallamh, áit ar thug na príomhoidí léargas ar chuid de na dúshláin a bhain le cur chun cinn na litearthachta. Bíodh agus go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge (TI) ag freastal ar na scoileanna, dheimhnigh na hagallainih go raibh dúshláin ag baint le scríbhneoireacht na Gaeilge sna scoileanna sin. Pléitear a raibh le rá ag na príomhoidí sa tráchtas. Bunaithe ar léargas na bpríomhoidí, beartaíodh togra a chur i bhfeidhm a thacódh le forbairt na scríbhneoireachta i nGaeilge sa seomra ranga. Baineadh leas as braisleshampláil agus scoileanna á roghnú don togra agus díríodh ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí i Rang a Dó agus i Rang a Cúig sna scoileanna sin. Roghnaíodh cur chuige don scríbhneoireacht mar chuid den togra agus cruthaíodh pobal cleachtais do mhúinteoirí chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus an cur chuige á chur i bhfeidhm. Tugtar léargas sa tráchtas ar bhunús teoiriciúil an chur chuige a roghnaíodh agus déantar cur síos ar an gcaoi ar cuireadh an cur chuige i bhfeidhm i gcomhthéacs na Gaeltachta. Ina theannta sin, mínítear struchtúr an phobail chleachtais a bunaíodh agus pléitear an chaoi ar baineadh leas as mar áis tacaíochta don chur chuige nua. Déantar scagadh ar an tionchar a bhí ag an togra ar rannpháirtithe an taighde. Pléitear tuairimí na múinteoirí maidir le héifeacht an togra agus fíosraítear tionchar an togra ar fhorbairt scríbhneoireachta na ndaltaí.
Metadata
Item Type:Thesis (PhD)
Date of Award:November 2016
Refereed:No
Supervisor(s):Ó Duibhir, Pádraig and Kennedy, Eithne
Uncontrolled Keywords:Gaeltacht; litearthacht a chur chun cinn; Dúchasach na Gaeilge
Subjects:Humanities > Irish language
Social Sciences > Education
Social Sciences > Teaching
DCU Faculties and Centres:DCU Faculties and Schools > Institute of Education
Use License:This item is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-No Derivative Works 3.0 License. View License
ID Code:22550
Deposited On:08 Aug 2018 14:47 by Thomas Murtagh . Last Modified 16 Feb 2022 16:10
Documents

Full text available as:

[thumbnail of Neasa Ni Chuaig.pdf]
Preview
PDF - Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
15MB
Downloads

Downloads

Downloads per month over past year

Archive Staff Only: edit this record