Ní Dhiorbháin, Aisling
ORCID: 0000-0001-5307-2516, Burke, Patrick
ORCID: 0000-0002-8490-401X, Ó Duibhir, Pádraig
ORCID: 0000-0003-2316-027X, Nic Craith, Deirbhile, Ó Breachain, Conall
ORCID: 0000-0003-0102-8614, Ahern, Pearse, Ní Dhubhghaill, Eithne and English, Anne
(2025)
Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Léirbhreithniú ar an Litríocht agus Dearcthaí na bPáirtithe Leasmhara Náisiúnta. Tuarascáil 1: I dTreo Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.
Policy Report.
An Roinn Oideachais agus Óige.
Abstract
Is é SEALBHÚ, Lárionad Taighde OCBÁC um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, a d’ullmhaigh an tuarascáil seo mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla a fhorbairt. Seo an chéad
cheann den dá thuarascáil atá coimisiúnaithe ag an Aonad Gaeilge um Scoileanna MeánBhéarla (AGSMB) sa Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ). Bunaíodh an taighde a rinneadh don tuarascáil seo ar na trí phríomhphrionsabal thíos, a bheidh mar threoir don Phlean Gnímh don Ghaeilge:
I. an tábhacht a bhaineann le meon dearfach a chothú i leith na Gaeilge
II. gealltanas chun úsáid na Gaeilge a mhéadú
III. beartais, gníomhaíochtaí, struchtúir agus acmhainní a chomhtháthú le chéile.
Tá trí phríomhchuid sa tuarascáil:
● Cuid A: Léirbhreithniú ar an Litríocht; tugtar eolas sa chuid seo ar thorthaí ardleibhéil
a bhaineann le taighde, teoiric agus cleachtas a bhí ann cheana agus atá ábhartha don
chomhairliúchán reatha.
● Cuid B: Torthaí na Chéad Ócáide a Reáchtáladh leis na Páirtithe Leasmhara; tugtar
eolas anseo ar phríomhthorthaí na chéad ócáide comhairliúcháin a reáchtáladh i bPáirc
an Chrócaigh in Eanáir 2025.
● Cuid C: Moltaí ó Chruinnithe Déthaobhacha/Iltaobhacha leis na Páirtithe Leasmhara;
tugtar eolas sa chuid seo ar na príomh-mholtaí a rinne na páirtithe leasmhara sa tsraith cruinnithe déthaobhacha/iltaobhacha a tionóladh ag deireadh an chomhairliúcháin in Aibreán/Bealtaine 2025.
Ba chóir an tuarascáil seo a léamh i gcomhar leis na torthaí a léirítear i dTuarascáil 2 (Burke et al., 2025). Sa tuarascáil sin, déantar plé ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara scoilbhunaithe, i.e., páistí, daoine óga, múinteoirí, múinteoirí faoi oiliúint, príomhoidí agus
tuismitheoirí/caomhnóirí.
Metadata
| Item Type: | Monograph (Policy Report) |
|---|---|
| Refereed: | Yes |
| Subjects: | Humanities > Irish language Humanities > Culture Social Sciences > Education Social Sciences > Teaching Social Sciences > Public administration |
| DCU Faculties and Centres: | DCU Faculties and Schools > Institute of Education DCU Faculties and Schools > Institute of Education > School of Language, Literacy, & Early Childhood Education Research Institutes and Centres > Sealbhu |
| Publisher: | An Roinn Oideachais agus Óige |
| Official URL: | https://www.dcu.ie/sealbhu |
| Copyright Information: | Authors |
| ID Code: | 31855 |
| Deposited On: | 11 Nov 2025 14:19 by Gordon Kennedy . Last Modified 11 Nov 2025 14:19 |
Documents
Full text available as:
Preview |
PDF
- Requires a PDF viewer such as GSview, Xpdf or Adobe Acrobat Reader
Creative Commons: Attribution 4.0 1MB |
Downloads
Downloads
Downloads per month over past year
Archive Staff Only: edit this record